Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)
- Suíomh:
- An Chaisleach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádruig Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleach
- XML Leathanach 318
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feirmeóir ann fadó agus bhí buachaill aimsire aige. Thug sé ós cómhair an Giustís é mar geall ar a cuid díomantais. Dúbhairt sé go ngabhadh sé an cómhgar cun an bídh agus tímceall cun na h-oibre. Ghlaoidh an Giustís suas ar an mbuacaill annsan agus dfhiarr sé air an raibh aon nídh le rádh aige. Dúbhairt an buachaill go raibh gan aon chluas a thabhairt do cead sgeal go mbearfhadh an tarna sgeal air go mbíodh an t-uachtar ag fear an tighe agus an t-íochtar ag fear na h-oibre. Beagán le n-ithe agus mórán le déanamh agus gan aon gleas fóghanta oibre féinidh aige. Ach sluasad mhaol mhanntach is leath bheann ar phíce, sean phota bhriste is bruscarnaig aoilig. Capall caol árd i gcoinnibh cnocán gan iarainn. Buachaill caol seandal agus is gann fhactar bead dho. “Tá san dona go leór” arsan Giustís agus dúbhairt sé leis an bhfeirmeóir an buachaill a glacad na sheirbhís arís agus gleas fóganta oibre a fhághail do agus a doithin le n-ithe a thúbhairt do pé sgéal é. Caitlín Ní Choncúbhair, Cnocruad do scriobh 5.12.1938
Ó Pádruig Ó Choncúbhair- Bailitheoir
- Caitlín Ní Concúbhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cnoc Rua, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Concúbhair
- Inscne
- Fireann