Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)
- Suíomh:
- An Chaisleach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádruig Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleach
- XML Leathanach 328
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach i dtig bheag. Bhí an sean bhean ann. Caithid tú na h-ainmhidhe seo do cheangail. Do chuir an t-seanbhean a lámh fé na h-usgail agus do tharraing sí amach trí ribe agus thug do íad. Caith sé sa teine íad agus ba gheárr go eirig an tsean bhean chailleach chun é a mharbhúghadh is bhí sí ag fághail an lámh uachtar ar. Glaoid sé cabhair ar an each. “Geobhair” arsa’n t-each. “Fáisg an ribe” arsa’n cailleach. Faisgfhead lár na teine é. Glaoid sé cabhair ar an coileán con. “Fáisg an ribe” arsa’n t-seanbhean. D’fásg i lár na teine é. D’íarr sé cabhair an seabhac. Do léim an seabhac agus do bhain sé ceann des na súilibh aisti. Bhíodar go léir ag marbhúghadh an t-sean bhean. Dúbhairt sí leis gan í mharbhúghadh agus go dtabharfhad sí leath de’n ríoghacht do. Tug sí slaitín draoidheachta do is dúbhairt sí leis go raibh a dearbhráthair taobh amuigh de’n doras. “Na clocha glasa úd” ar sise. “Sin íad é féin agus a chú a each agus a sheabhac. Dúbhairt sí leis na clocha a bhúaladh leis an slaitín draoidheachta agus go n-eireóchadh síad arís. Do bhúail sé buille ortha agus d’eirigheadar agus bhí ana áthas air.Síle Ní Shúilliobáin, Drom na Cille,
do scríobh, ó Seán Ó Conchúbhair. 12-12-1938- Bailitheoir
- Síle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom na Coille, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conchúbhair
- Inscne
- Fireann