Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 152
- XML “Seantithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba greanneamhair na saghas tighte a bhíodh ag's na daoine fadó. Tigíní beaga íseal cúmang a'b eadh íad agus clann mór istig ionnta is gan acht spás beag fágtha. Dhá seomra is mó a bhíodh ionnta, cistin agus seomra codalta. Ní bhíod áon tig árd aca thar a leagfadh an gaóth íad, agus bíodh sé in áit foithineamhail acha fé faill mór suas san cnoc. As clocha a bhíodh síad deanta agus mairteál idir na gcloc cun íad a greamhúgadh go maith. Díon a bhíodh anúas ar an dtig agus fráoch fé san agus scraiteacha fé san airís, agus om' bhaic ná raib aón braón anúas acha. Bíodh na fraighteacha agus na cúplaí deánta a's giúmhaise adhmaid maith é sin a faghtar ins na portacha agus ní lobhadh se go deó deó agus ní brisfeadh sé síos go deó na ndéor. Biod scolb ar an dtig cun na súgáin do coimeád agus na treasnán. Ní raibh áon simné acha acht pholl mór sar cheann a' tíghe, agus bíodh an tigh lán de deatach agus creid m'fhocal ná dtagadh aón piástaí san admaid. Ba mhinic a bíodh an báisteach ag teacht isteac. Bíodh na catháoireacha déanta a's móin. Scolb a bhíodh acha mar soillse, smuthán de ghiumhaise i lámh duine an fhaid a beidís suas go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Módhrán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí