Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 408
- XML “Cistí Ór i bhFolach”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)idtreo is ná feicfheadh aoinne é. Chuaid sé a chodhladh annsan ach slán mar a n-innstear é cailleadh é irith na h-oidhche. Dubhairt na sean daoine gurbh iad na sidheoga a tháinig irith na h-oidhche agus nuair ná fuaireadar an t-ór gur marbhuigeadar an duine bhocht.
(gan teideal)
“San am nuair a bhí na hÉireannaigh ag talladh earraí ó tíortha iasachta do fuair Cúm a Chiste a ainm.”
B'é Mícheál O'Suilleabháin ó Otharmong do bhailigh an sgéal seo. D'innis a mhathair an sgéal dho in gaedhilg agus níor deineadh athrú nó ceartú ar bith air.
San am nuair a bhí na h-Éireannaig ag talladh earraí ó tíortha iasachta do fuair Cúm a' Chiste a ainm. Sé bhrígh atá le Cúm a' Chiste ná cúm an óir. Do bhí long mhór ag talladh fíona agus óir ón Spáin go h-Éirinn. Sar a shrois an long an áit a bhí i n-úil dóibh, do bhreith long Sasannach uirthe. Do badadh na Spánaig an long sar a raibh caoí ag na Sasannaig í do ghábhail. Annsan do ghabhadh an Captaoin agus chuireadh i bpríosún é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochair Mong, Co. Chiarraí