Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar aghaidh an leathanigh tá léaráid den lios atá amuigh igCill Oigh Gróin (Killogrone). Ní fios dhom cé bhí ann in aon chor mar níl puinn eolais ag muinntir na h-áite 'na thaobh.Tá dhá shean-fothrach istig san lios. Is soileár gur úsáideadh ceann aca mar séipéal agus is dócha gur mainistir abhí sa ceann eile.Idir an dá bhfothrach tá cloch mhór 'na seasamh agus Ogham Craobh go soileár uirri. Tá callamhach istig idir an dá bhfotharach 'na cuirtí leanbhaí óga na h-áite fadó. Taobh thiar de sin aírírt (?) tá ceall bheag.Taobh amuigh den lios tá tobar beag agus suas uaidh sin tá mar a bhíodh muilleann. Tá an fotharach clúduighthe ar fad beagnach le crannaibh.Timceall le míle nó mar sin ó Cill Óig Gróin agus ar aghaidh Liotair, tá Cill Oigh. Tá fothrach sean-shéipeíl annso. Tá cloch os cionn dorais agus cúpla cros agus ciorcal uirri. Le déidheannaighe fuarthas iomar an uisge coisreacan a bhíodh sa t-seípéal. Fear abhí ag treabadh sa ghort ba ghiorra don áit. Chuir sé an t-iomar isteach sa fotharach.