Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 471
- XML “Bacach na Líonta”
- XML “Gearóid Ó Súilleabháin”
- XML “Tomás Ó Comaráid”
- XML “Tomás Ó Duineachdha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bacach ó Bearra
Pleascadh mála air,
Ó bheith ag bailiú lionta
Do Mhuinntir Máire. - B'é Seán O Síothcháin, buachaill scoile, ón Sean-Bhóthar, a thóg an cunntas thíos isteach. Fuair sé on'athair féin é. Fear an-bheag dob'ead é seo. B'é an leas ainm abhíodh air ná "Ringledoe". (?) Théigheadh sé thimcheall go dtí na feirmeoirí go léir agus bhailigheadh sé roinnt Prátaí agus turnaipí uatha. Thógadh sé isteach go dtí an baile annsan iad agus dhíoladh sé 'sna siopaí iad. Sgéálaidhe maith do bheadh é agus bhíodh fáilte roimhis istoidhche in aon tigh fheirmeara.
- Bailitheoir
- Seán Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Seanbhóthar, Co. Chiarraí
- Rugadh é igCill Oigh láimh le Cathair Saidhbhín. Fear mór láidir do beadh é. Sgéalaidhe críochnuighthe do beadh é leis. Sgéalta fiannuidheachta abhíodh ar siubhal aige i gcomhnaidhe agus ba mhinic a bhíodh "An Giolla Deachair" da innsint aige. Amuigh fe'n aer a chodluigheadh sé igcomhnaidhe sa t-samhradh. Rinncetheoir breagh do beadh é leis.
- Rugadh an fear seo ar an mbaile seo. Fear cuibhdheasach árd do beadh é agus é reamar go maith leis(leanann ar an chéad leathanach eile)