Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Féilí na Bliadhna
B’é Mícheál Ó Súilleabhái a bhailig an t-eolas seo ó’n a mháthair Bean Uí Súilleabháin atá ina cómhnaidhe in Ocharmong.
Lá le’ Pádraig: bíonn an t-seamróg dá chaitheamh age’s na daoine an lá sin, mar gur leis an t-seamróg a dhein Pádraig rún na Trionóide do chur i n-úil d’os na Gaedhealaibh fadó. Bíonn ceoil is spórt ins na bailtibh an oidhche sin in onóir do pátrún naomhtha na n-Gaedhil. Annso i gCathair-Saidhbhín bhíodh chuirmeacha cheóil an oidhche sin agus thagadh na h-amhránuighdhthe móra ó gach áird.
Lá le’ Bríghde: tuiteann lá le’ Bríghde ar an t-aonmadh lá d’Fheabhra. Téigheann a buachaillí is na chailiní óga timcheall na h-áite ag bailiú airgid mar a deintear lá le’ Stiophán. Bíonn siad gléasta le seana-éadaig ag dul timcheall.
An Inid: tugtar an Inid ar an aimsir ó lá Nodhlag na mBan go dtí Céadaoin a’Luaithridh. Le linn na h-aimsire sin ‘seadh deintear na cleamhnais. Máirt na h-Inide: ‘sé Mairt na h-Inide an lá déarnach chun pósta roimh an gCarrghaos. Ins an t-sean aimsir do bhíodh sgata ailteóirí ins na bailtibh beaga, agus téad mór, fada, láidir aca agus aon chailín nó fear – ionpósta do geibhidís ag siubhal na sráide do chasaidís an téad ‘na dtimcheall ortha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochair Mong, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochair Mong, Co. Chiarraí