Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- B'é Seán De Barra a bhailig an t-eolas seo ó Domhnall Ó Cathasaig atá ina chomhnaide i mBóthar Buidhe.
1. Nuair a bhí Naom Pádraig ag dul tímcheall na tíre lá, chuaidh sé isteach idtig agus bhí bean istig ann agus dubhairt sí le Naomh Pádraig ag raibh sí ag cniotál ach nach raibh a doithin cadáis aici. Annsan dubhairt Naomh Padráig léithí tosnú airís. Annsan chuaid Naomh Pádraig amach agus nuair a tháinig se isteach bhí an-cuid cadaís ag an mnaoi. Nuair a bhí Naomh Padraig imthighthe tháinig bean eile isteach agus d'fiafruigh sí de bean bean an tighe cá bhfuair sí an cadáis go léir. D'Innis an bhean an scéal dí o thuas go deire. Annsan thosnuig an bean eile ag cniotál ach nuair a chuir sí a lámh ar an gcadás ní raibh ann ach an biorrán cniotála.2. Bhí seana shaighdiúr ann fadó agus an lá seo bhí sé ag marcaidheacht ar chapall. Nuair a bhí sé in-aice le crois do thuit sé d'en gcapall agus do marbhuigheadh é. Bhí na daoine go léir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán de Barra
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Cathasaigh
- Inscne
- Fireann