Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí gréasaide ina cómhnuide timhcheall na h-áite seo agus bhí mac ámháin aige. I rith an ghorta fuair sé bás agus d'fág sé triochad púnt na dhiaid. Chonnaic an fear spideóg agus bhí nóta scríobhtha ar a scórnaig a rádh leis go raibh Rí na Gréige ag feitheamh leis. Do dhein sé a cuid lóin agus do thosnuig sé ag siubhal. Tháinig sé go dtí an Pálás agus chuir Rí na Gréige fáilte roimhe. Dúbairt an gréasaidhe gur tháinig sé chun a inghean do phósadh. Dúbhairt an Rí leis dul amach go dtí na páirceanna cun aire a thabairt dos na ba. Amach leis go dtí an pháirc agus tháinig fathach cuige agus dúbhairt sé duine ó Éirinn. Dúbhairt an gréasaidhe gréasaidhe [!] gur tháinig sé cun aire a thabhairt dos na ba ar eagla go n-íosfadh sé iad. Do thosnuigheadar ag troid agus bhí an buad ag an gréasaidhee.[!] Bhí an fathach beagnách marbh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Connchúbhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clochán Laighneacháin, Co. Chiarraí