Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tómhas: Níl sé amuich ort níl sé istig ort tá sé ort is ní trom leat é. Cad é?
Freagra: t-Ainm.T: Fear fada gléigeal is crios da thaobh féin air. Cad é?
F: Punann coirceT: Molt mór dubh donn idir dhá gleann. Nuair a bhogann an mholt mór dubh donn bogann a dhá gleann. Cad é?
F: Asal agus dhá cliabh air.T: Cé'n taobh de'n cupán ina bhfuil an cluas?
F: An taobh amuich.T: An bhfeaca tú riamh leath ceann muice le dhá shúil?
F: Chonnaic lem dhá shúil féin.T: Cad tá cosmhail le cruit an capaill?
F: Cruit capaillín.T: Cad na taobh caipín bán beith ar an mbaicéir?
F: Cun a ceann do clúdach.T: Cad é an rud a théigheann don cathair ach na gluaiseann sé?
F: Bóthar.T: Ceann ar nós mearacáin agus earbaill ar nós luice. Cad é?
F: Píopa.- Bailitheoir
- Sean de Barra
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Sean Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cárthann Íochtarach, Co. Chiarraí