Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear 'na chónnuidhe i n-íochtar Múmhan darb ainm do Murcadh , agus fear eile i n-uachtar Múmhan darb ainm do Maonus. Ins an am san níorbh fhéidir aon bheirt fhear d'fághail ba threise ná iad. Ní raibh aon aithne acu araon ar a chéile, agus do ghluais Maonus lá chun aithne do chur ar Mhurchadh. Gaibhne dob eadh araon.
Ach go h-áirithe do bhí Maonus ag cur de go dtáinig sé go dtí ceárdchain. Do chuaid sé isteach doras na céardchan agus dubhairt sé leis an bhfear istigh rud éigin a thabhairt chuige amach a dheargeóchadh a phíop, Do bhuail an gabha istigh sméaróid dearg ar soc na h-inneóna agus do thóg agus do thóg sé leis amach 'na lámh an inneóin, agus do shín sé chun an fhir amuigh í. Ba mhaith an mhaise sin do' n fhear amuigh. Do bheir sé ar an sméaróid,agus do dhearg sé a phíop. Dheineadar ionad coinne le na chéile annsan, triall do bheith eadthortha lá ar na máireach, féuchaint ciacu fear ab fhearr . Ins an oidhche sin , do bhuaileadh fuinneóg Mhur chadh ó'n dtaoh amuigh. Do labhair Murchadh, agus d'fhiafruig sé cé bhí amuigh. Do labhair an guth agus dubhairt . Mise Bhean Mhaodhnuis. D'fhiafruig sé di cad do bhí uaithe. Do dhíthigheas Maonus ar sise, mar bhfeárr liom d'fhear tusa ná é. Fágann san tu gan Murchadh gan Maonus arsa 'n fear istigh.
An duine go b'fuaras an scéal uaidh Micheál Mac an Roigh
aois 66 bliadhna
seoladh Baile'n Sceilg, Cíll Áirne.- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac an Roigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí