Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó ,agus Liam Ó Ruainig dob 'ainm dó. Lá amháin , tháinig an tighearna talmhan chuige,agus dubhairt sé leis go gcaithfeadh sé amach ar thaobh an bhóthair é, mar a mbeadh an cíos aige dó i gcionn seachtaine.Lá ar na mháireach, do ghleas Liam é féin chun dul go dtí an baile mór. le ualach cruithneachtan,chun airgead an chíosa a dhéanamh. Nuair a bhí ruainne maith de'n bhóthar curtha dhe aige, do chonnaic sé tig ar cliathán an bhóthair, agus do cheap sé nár chonnaic sé an tig sin san áit sin riamh roimis, BA gheárr gur tháinig fear amach as an dtigh, agus do chuir sé fáilte roimhe Liam, agus do cheannuig sé an cruithneacht uaidh. Ba gheárr gur tháinig fear eile , agus fear eile, agus fear eile , agus do chuireadar fáilte roimh Liam,agus do thosnuigheadar ag tarrach na málaí cruithneachtan isteach sa tigh, go dtí go raibh sé go léir tarraigthe acu. Seadh arsa Liam, tá aithne agaibh go léir ormsa,agus níl aon aithne agam orraibh. Seadh anois a Liam Uí Ruainigh , innis scéal dúinn arsa fear a ' tighe.Dhera níl aon scéal agam arsa Liam. Cad do dheineadar annsan, ná duine des na fir do mharbhúghadh , agus do shághadar bior treasna tré na chorp ó thaobh go taobh,agus dubhradar le Liam é róstadh leis an dteine,agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dá
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí