School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 025
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cúigear iascairaithe ann fadó, agus bhí bad ceithre mhaide eadortha agus cúig píosa lín, agus ní raibh aon tslíghe beatha aca ach an t-iascac. Do chuadar ag isacach oidhce des na h-oidhcheanna . Oidche ana bréagh dob ead é agus ní raibh luascadh lín ar an bhfairrge. I lár na h-oidhche amach d'éirigh duine des na fir sa bhád agus do thairrig sé chuigis a chuid tobac agus a phíop. Do geárr sé an tobac agus chuir sé sa phíop é. Bhí a sgian 'na lámh aige agus do chonnaic sé chuige tonn mór. Do bhéic sé is do líug sé ar an gceathrar eile tosac an bháid a thabhairt tímcheall i gcoinne na toinne , Níor dhein sé ach an sgian a bhí 'na lámh a chaitheam igcoinne na toinne agus do thuit sí go bealach calm agus dheineadar togha agus rogha deabhaidh abhaile. Do chuadar amach arís an oichche na diaidh an agus i n-am mhairbh na h-oidhche, chonnacadar long mór ag teacht chúca. Labhair captaon na luinge leis an gcaptaon eile agus d'fiafhruig sé dhe an dtabharfadh sé fear dó chun beagán oibre do dheanamh leis agus ná coiméadfaidís abhfad é. Do fhreagair an captaon eile agus dubhairt sé ná raibh aon smacht aige ar aoinne des na fearaibh , agus do ghlaoidh an captaon ar an bhfear a chaith an sgian ar an dtuinn agus d'iarradar air an dtiochfadh sé leo agus dúbhairt sé go raghadh. Níorbh fhada ro rabhadar ar tóin na fairrge. Is amhlaidh a bhí cúirt breágh annsan. Do tugadh isteach i seómra é. Bhí cailín sínte ar leabhaidh agus sgian sáidte in a pluic agus dubhairt an captaon leis é tharrac amach do dhein. D'iarradar air(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Máine
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí