Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “Máire Tóibín”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Lá le Micíl, An Púca san Fharraige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Do bhí bean ina cómhnuidhe amuich sa dúthaig fadó agus do thuit sí féin agus a fear amach lé na chéile. Do chualaidh sí trácht ar Naomh Ciarán a bhí ig Cléire agus do tháinig sí istheadh chuige agus d'iarr sí dhe mar seo:-
    "A Chiaráin Gléigeal aniar ó Chléire, fiariam féin díot cad a mharbeóchaidh mo fhear."
    D'freagair Naomh Ciarán í mar seo:-
    "Tabhair plúr mín gléigeal do agus sioc bhainne caora agus tabhair do i naghaidh'n lae é i n-eirbeall theas."
    Do chuaidh sí abaile an lá ina dhiaidh sin agus do thug sí an rud a dubhairt Ciarán lei dá fear gach lá agus in ionad é do mharbhú is amhlaidh a dhein sé rabhar sláinteamail é.
    Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán
    Fuaireas ó: Ciaran Ó Drisceóil
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Do bhí flít bád ag iasgach thíos i nDún Garbháin aon uair amháin agus do réitigh fear le captaen chínn aca go ragadh sé ag iasgac ina theannta go dtí Lá Lé Michíl. Ach oidhche Lae Michíl nuair a bhí am tairrce suas aca ar an Mig arsan fear lé na mháigistir, "beidh fear ar dtír romhat annocht ar an gCé agus fiafróchaidh sé dhíot an teud a chaitheam ar dtír chuige ach ná dein rud air,"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.