School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 050
- XML “Lá le Micíl, An Púca san Fharraige”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le linn do rádh dho do shéid sé é féin amach sa bfairrge. Do bhí circ aca losgail le neart aimsire ar an gcuan. Ach (?) do, do bhí fear ar cheann an Cé rómpa agus níor thógadar an teud uaid in adhcor Ach an flít eile go léir diar sé an teud ortha ach ní cuinneóchadh sé dóibh é in ao'cor. Do baghadh iad go léir ach an bád go raibh an púca innti. Agus ó'n lá san go dtí an lá indiu sean fhocal iseadh é, "Lá lé Michil an púca sa bfairrge."
Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán, Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil, Cumolán - Do tainig easpog go Cléire fadó shoin ó Cuaisín an Tuirc agus do chuir an bád abhaile an oidhche sin mar ba gná do agus do feisteadh i dTrá Chiaráin í. D'eirig stoirm san oidhche agus do smuth sí na cuedtha agus do sguabadh amach í ar an dTráig agus do stuir sí í feín ar Chuaisín a'Tuirc trí corp a ghála (?).Do bhí na daoine gur leo í á lorg an lá ina dhiaidh sin agus ní bhfuaireadhar í. Do chualadar cúpla lá nó trí ina dhiaidh sin go raibh sí i gCuaisín a' Tuirc saor sábhála mar a chuireadar an tEaspog ar dtír an lá roimis sin. Do deineadh iongna dhí annsan conus a tugadh sábháltha í mar ní raibh aoinne beó innti. Do dhein duine éigin abhran annsan agus seo mar a dubhairt sé:-"Do bhí na fúráin ag buairig agus na suantaí lé chéile,
Do bhí an tEaspog ag stuiradh fan ar siubhal ó Oileán Éine
Ní do cláiríní raice ná do chipín brian délach,(continues on next page)- Collector
- Cáit Ni Drisceóil
- Gender
- Female
- Address
- Comalán, Co. Chorcaí
- Informant
- Ciarán Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Comalán, Co. Chorcaí