Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 121

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 121

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 121
  3. XML “Dómhnall Mór - Matalang”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus do tugadh chun siubhail a raibh do canafás aca agus do bhí an tárach caitthe ar ceann a bíoma. Do thug an captaén agus na hoifigí suas go raibh sí caillthe mar do bhí sí ag deunamh uisce. Dubhairt an captaén leó go léir dul síos sa chabhán agus an teudach a bfearr a bhí aca do chur umpa mar rabhadar caillthe. Do chuadar go léir síos ach amháin Dómhnall Mór. Do chuaidh sé sin síos cun cínn agus do aistrig sé an tadhmad go léir do bhí innti agus do thóg sé an tárach ina suidhe ar a ceile d'íaraid airís.
    Do dheineadar an cuan i dTalamh an Éisg. Do bhí an captaén agus na hoifigí lúgáireach go leór toisc iad a mhaireachtain. Do chuir an captaén sceula chun ceanuidhe na luinge feuchaint cad é an luach saothair a bhí le fághail ag an té a shábhail iad. Chuir na ceanuidhthe sceula thar nais á rádh go raibh coróinn sa ló le fághail ag an bhfear san gach lá is an fhaidh a mhaireadh sé. Do chaitheadar an oidhche go meireach is go lúgáireach i dTalamh an Éisg. Do imthigh duine anall is duine abhus agus nuair a tháinig an lá agus nuair glaodhadh na cúntairí ní raibh Dómhnall Mór lé fághail. Do cuireadh cúrdach air agus do fuaireadar marbh sa tsneachta é. Do dhein duine éigin coínne do annsan:-

    "A Dhómhnaill Mhóir, is truagh ar lár thu,
    Gur asnamh ar Cléire go lá an bhais tu,
    Gur i lúng ghúalaig, a thugais an barr leat,
    Ag dul go Talamh an Éisg ag deunamh ádhmair

    Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán, Inis Cléire
    Fuaireas ó: Chonchubhar Ó Drisceóil, Ceathramhna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ni Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Conchubhar Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Ceathrúna, Co. Chorcaí