Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 145
  3. XML “Comalán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i gceann dos na golláin agus deirtear gurabh amhlaidh a chaiteadh an buachaill teacht ar thaobh do'n pholl, agus an cailín ar an dtaobh eile, agus go gcaitfidís a lámha do crochadh lena chéile. Gach aon stáinséar a thagann go dtí an oileán, téigeann siad ag féuchaint ar na golláin sin.
    Siad na trí roillíghe is sinne in Éirinn ná Roiligh Chílle Bhruan, Roiligh Chílle Mhumhan, agus Roiligh Chílle Bhruineógh. Tá Roiligh Chílle Bhruan suidhte a lár an Cumoláin. I gcúinne na roilige sin tá tobhar go nglaodhthar Tobhar Chílle Bhruan ar. Deirtear gurabh é an t-uisge a thagann ó'n dtobar sin an t-uisge is bréagtha agus is sa-bhlasta i gCléire. Is i gcúinne na roilige sin leis do rugadh Concúbharach Éireamhon, an fear is mo agus is treise a bhí riamh i gCléire. Tá fotharach an tíge ina rugadh é le feiscint fós. Tá Roiligh Chílle Bhruan amuigh in Inis Árcháin. Tá sé suidhthe i lár an oileáin. Tugtar Cílle Mhumhan, anois ar an baile farthainn go bhfuil an seana-roiligh sin ann in Inis Árcháin. Tá Roiligh Cílle Bhruineóg suidthe in aice le Trá 'an Bháid, thuas i mBeal an Dhá Habh.
    Is iad Muinnthir Uí Drisceóil an sloinne is coithcíana ar an mbaile seo. Tá an gaédhluinn go maith ag gach duine ar an mbaile seo, agus is í a bhíonn mar ghnáth-teangtha ins gach tig ann.

    Máire Ní Drisceóil,
    Cumolán Thuaidh,
    Inis Cléire
    ó Chiarán Ó'Drisceóil ( 55bl.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ni Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Ciarán Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí