Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “Comalán”
  4. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Tá tobar beannuite i dTrá Chiaráin agus sé an ainm atá air ná Tobar Ciaráin. Sé an fáth gur tugad an ainm sin air toisc gurb é Naomh Ciarán ( an cead naomh de naomhaibh na hÉireann a achuir ann é. Tá cúig toibreacha beaga á deanamh. Bíonn síad clúdaighthe ar lán mara toisc gur air an dtráig atá siad. Tá gallán in aice leis an dtobar agus tá dhá chros air agus rían cúig mhéarna Naomh Ciarán.
    Téigeann daoine ann ar thuras ar an 5adh lá de mhí Mhárta mar sin é Féile Naomh Ciarán agus comeádar saoíre igCléire an lá san i gcómhnuídhe toisc gurab é Naomh Ciarán a iompuig chun an Creideamh Fíor muínntear Cléire. Tugann na daoine go léir uisce abhaile leo ó'n dtobar an lá san agus coimeádann siad istigh é ar feadh bliana agus annsan caitheann síad igcoinnibh fallaí a' tíghe é. Fé'n fhaidh a choimeáfá istigh é ní dríofadh sé. Tá ana leigheas ann agus ólann ana cuid daoine é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.