School: Doire Clathach (roll number 11931)

Location:
Doire Clochach Uachtarach, Co. Chorcaí
Teacher:
Éamonn Mac Firbisigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0299, Page 211

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0299, Page 211

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Clathach
  2. XML Page 211
  3. XML “Tradition Regarding Poets - Doncadh Ó Bhriain (file)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    lámhaibh an t-sagairt ag pósadh na ndaoine ar an ardán a bhí ann.
    Acht pé brígh atá leis an ainm bhí Donnchadh n-a chómhnuidhe ann i lár coille I dteannta a mháthair. Hedge Master a b'eadh é agus i Mothana comhgarach do Sgibrinn a bhíodh sé ag múineadh.
    Bhí se mí-ádh air gur taidhreamh sé ar phósadh agus fuair sé bean in áit éigin. Duine an-léigheannta ab'eadh é agus bhí a lán leabhair aige. Ní ró mhaith d'éirig an pósadh leis mar chaill an bhean a meabhair agus chaith sí na leabhair go léir a bhí ag Donnchadh isteach san abhainn. Níor goill san ró mhór ar Donnchadh gur báthaidh sí an leanbh b'oige a bhí aca san áit ceadna is a chaith sí na leabhair.
    Bé Máirín a h-ainm agus sa deire thug sí a h-agaidh ar Shasana. Tháinig sí thar n-ais airís agus seó mar a dubhairt Donnchadh
    Ní bhfuair Máirín an trácht a bfearr a bhí i Sasana thall
    Agus ba ghairid go dtáinig fíor-bhrágaid na bhfear maith anall
    Níor stad sí don stáin sin go dtáinig sí mar a ndearnaidh sí an feall
    As do mheasas í a lámhach nuair a bháidh sí an leanbh san abhainn
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Bhriain
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    An Drom Mór, Co. Chorcaí