Scoil: Doire Clathach (uimhir rolla 11931)
- Suíomh:
- Doire Clochach Uachtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Firbisigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Clathach
- XML Leathanach 463
- XML “Madraí Ifrinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ag teacht abhaile ó Aonach Ros Cairbre oidhche Shamhna fadó. Bhí sé déanach go maith nuair a shrois sé an Léim (Leap) agus bhí aistear fada le déanamh aige fós sar a sroisfeadh sé Mídh Ros (Myross). Ní raibh aon droicead an uair sin treasna an chuain agus b éígin dó bóthar an Bhráid a thabhairt ar féin (. baile fearainn i bParóiste na Léime is eadh Báid).
Ní raibh sé tagaithe ibhfad thar an Léim nuair do chasadh air bean cos nochthuighte agus í ag rith ar nós na gaoithe agus anois is airis cuirfeadh si sgread uathbhásac aisti. Is ar éigin bhí céad slat eile déanta aige, nuair d'airig sé fothram éigin ar nós sidhe gaoithe ag teacht n'a threó. Dhruid se i leathtaoib cun a leogaint don rud greannmhar imtheacht thár b'rághaid. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máighréad Ní Chárthaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom Inide Theas, Co. Chorcaí