Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 14813)
- Suíomh:
- Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. Áilbe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Páirce na Trágha. tá sí sin cois fairrgePáirce na Bó. sgéal a'bhaint leí
Bhí diospóireacht idir beirt fhear í gCathair mBig, ar cad í an pairc ab' fhearr í gcóir bo. Cun an sgéal do réidtéac, cuiread bó amháin isteach in gac páirc ag ingníor. I gceann tamaill bhí breis bainne a thabairt ag bó amháin agus aontuigeadh annsan go raibh sí san bpáirc do bfearr ar an bhfeirm agus tugadh Páirce na Bó an bpáirc as san amach.
…………………………..
Páirc a' Tobair. Tá tobar fior-uisge sa cúinne.Páirc a Leasa. Tá lios mór in a lár. Páirc a' Rinnce. Bíodh daoine ag rinnce annso fado ar lá an Patrúin agus Dia Domnaig. An Pollomóin. Poll na Móna. Páirc iseal fluic iseadh í seo. Bíonn locha uisge ann tar éis báistighe.An Mealbóg. Páirc mór réid í seo. Bíonn comortáise báire agus peile ann anois is aris.Páirc na Poílín Páirc na bpoll. Tá an - chuid poll ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)