Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)
- Suíomh:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí seana-bhean i mBaile 'n Chalaidh agus bhí baitsiléar mac óg aici, agus do bhí sé chun pósaidh. Bhí aithne aige ar chúpla cailín breágh, agus bhíodar breágh gan dabht, agus fear breágh a b'eadh é fein leis. D'iarr sé beirt aca, agus má seadh fuair sé an t-eiteach. Tháinig sé thar n-ais abhaile agus do phós sé ceann eile - bean bhreágh agus bhí sí maith go leor gan dabht, agus bean mhaith a b'eadh í.
Nuair a bhí gach aon nídh réidh aca thánadar abhaile. Bhíodar ag ithe, agus bhí an tseana-bhean a gabháil ar fuaid a' tighe. Seo mar adubhairt sí:-Is mairg ná clúduigheann a chiall
Agus ná cuireann srian len a ghuth,
Agus anois nuair nár cluithimh a fiadh,
As maith a' biadh í an chaora dhubh.- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhuinneacha
- Inscne
- Baineann