Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)

Suíomh:
Carraig an Ime, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Luasa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig an Ime
  2. XML Leathanach 011
  3. XML “Béaloideas - Duine Aisteach go bhFuil Aithne agam air”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá aithne agam ar mórán daoine aisteacha ach níl eolas chruinn agam ar aoinne acu, fé mar atá agam ar fear atá timcheall míle óm' thig-se. Tá sé ina chómhnuidhe i dtigh beag dheas in aonfheacht le 'na dhritheáir. Bhíonn siad ag bruighin is ag acrann is ag troid igcómhnuidhe mar pé rud a dheineann Tadhg dritheár an fhir aistigh - ceapann Seán an duine aisteach - ná bíonn sé déanta igceart. Annsan tugann sé léasadh maith do Thadhg bhocht.
    Ní chuireann Tadhg isteach air mar bíonn éagla air go n-eireóchadh Seán ar buille ar fad. Lá éigin chuaidh Tadhg chun an aonaigh ag díol bó agus nuair a bhí sé imthighthe cheap Seán go ndéanfadh sé císte milis. Dhein sé é ar aon chuma, ach níl am mo dhóithin agam ar a sgriobh síos chonus a dhein sé é. Nuair a bhí an oighean agus an chíste istigh ann, ar crochadh oscionn na teine d'imthigh Seán leis féin go dtí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Luasaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carraig an Ime, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Síle Ní Luasaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carraig an Ime, Co. Chorcaí