Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)
- Suíomh:
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Luasa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig an Ime
- XML Leathanach 011
- XML “Béaloideas - Duine Aisteach go bhFuil Aithne agam air”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá aithne agam ar mórán daoine aisteacha ach níl eolas chruinn agam ar aoinne acu, fé mar atá agam ar fear atá timcheall míle óm' thig-se. Tá sé ina chómhnuidhe i dtigh beag dheas in aonfheacht le 'na dhritheáir. Bhíonn siad ag bruighin is ag acrann is ag troid igcómhnuidhe mar pé rud a dheineann Tadhg dritheár an fhir aistigh - ceapann Seán an duine aisteach - ná bíonn sé déanta igceart. Annsan tugann sé léasadh maith do Thadhg bhocht.
Ní chuireann Tadhg isteach air mar bíonn éagla air go n-eireóchadh Seán ar buille ar fad. Lá éigin chuaidh Tadhg chun an aonaigh ag díol bó agus nuair a bhí sé imthighthe cheap Seán go ndéanfadh sé císte milis. Dhein sé é ar aon chuma, ach níl am mo dhóithin agam ar a sgriobh síos chonus a dhein sé é. Nuair a bhí an oighean agus an chíste istigh ann, ar crochadh oscionn na teine d'imthigh Seán leis féin go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Luasaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Síle Ní Luasaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí