Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 112
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chun na ba do chur as an dtuar. Maidean áirighthe d'éirig sé roim éirighe na gréine chun na ba do chur as an dtuar. Nuair a bhí an mhéid sin déanta aige do shuig sé ar mhullach gharraige agus do thosnuig sé ar amhrán.
Tar-éis tamaill do thug sé aghaidh ar an mbaile chun an teine do chur síos. Do bhí sé tosnuighthe ar an dteine do chur síos nuair do bhuail chuige isteach triúr fear. D'aithin sé duine aca go maith agus stroinséaraigh dó do béadh an beirt eile. An fear d'aithin sé de mhuinntir Fheargáin do b'eadh é agus níor chómhnaig sé ní ba sia uaidh ná trí mhíle i mbaile dá dtugtar Doirín Álainn.
Do labhair duine de's na fearaibh leis agus dubhairt leis gan aon eagla do bheith air rómpa mar má déanfaidís aon díobháil do. Le na línn din do bhuail duine de's na fearaibh mac(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ua Críodáin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí