Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 113
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Uí Fheargáin le rud éigin do bhí 'na dhorn agus do leag i lár an úrláir é. Nuair do bhí an mhéid sin déanta aige dubhairt duine aca 'Ragham ó thuaidh anois go dtí Gleann Fleisge agus tabharfam an cor céadhna do Mhícheál Ua Corráin'.
Nuair d'fhéach sé na thimcheall ní fheacaidh sé aon radharc de'n triúr. Thug Conchubhar tamall ag machtnamh féachaint an bhféadhfadh an sgéal do bheith amhlaidh nó an taidhreamh do bhí sé. Annsan do ghlaoidh sé ar a mhnaoí chun an bhricfeast d'fhághail ullamh do. Níor airigh sí sin pioc agus níor airigh a chlann faic. Nuair do bhí an bricfeast ithte aige, dubhairt sé le na mhnaoí 'Rachad soir anois go dtí tig Mhichíl Uí Fheargáin ar an Doirín Áluinn. Teastuigheann uaim labhairt leis'.
Fan an t-slighe do, do bhí sé ag machtnamh is ag cuimhneamh ar a raibh tuitithe amach. Do shrois sé an tig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ua Críodáin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí