Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 114
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do bhí bean Mhicíl istigh roimis. D'fhiafruigh sé dhi cá raibh Mícheál. Dubhairt sí go raibh sé imthighthe roim lá ag tarrac mhóna do'n Tiarna Talman. Annsan do thug sí rud le n-ithe do. Sar a raibh an biadh caithte aige do bhí Mícheál tagaithe sa chlós. D'fhiafruigh a bhean dhe cad do thug é agus dubhairt sé léi ná féadfadh sé an lá do críochnúghadh mar go raibh tinneas cínn air. Do chuaidh sé isteach agus d'fháiltigh sé roim Chonnchubhar na Maoilinge agus níor leig Conchubhar pioc air.Dubhairt Mícheál le na mhnao(-) an leabaidh d'fhághail hullamh do go rachadh sé a chodhladh. Do thug Conchubhar aghaid ar thig Mhichíl Uí Corráin sar ar thug sé aghaid ar a baile féin. Do chuaidh sé isteach. Ní fheacaidh sé aon radharc de Mhícheál. D'fhiafruigh sé de bhean an tighe cá raibh Mícheál, agus dubhairt sí go raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ua Críodáin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí