Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó ní raibh aon ghléas solais ag na daoine ach na coinnle a dheinidís féin. Dheinidís alán coinneal an uair sin agus deineann cuid acu fós iad. 'Sé an gléas a bhíodh acu chun iad do dhéanamh ná múnlaí.
Is amhlaidh a dheinidís geir bó nó geir chaorach do leigheadh i gcorcán. Chuiridís an múnla isteach i bhfód bog móna i dtreó nuair a bhéarfaidís ar an múnla ná dóghfadh sé iad. Annsan do scaoilidís an gheir leaghta isteach sa mhúnla.
'Sé an buaiceas a bhíodh acu ná gheibhidís snáth cotúin agus dheinidís é dhúbailt cúpla uair agus do thumaidís síos isteach sa gheir é agus bhíodh an buaiceas déanta annsan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Luasa
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó hÉalaighthe
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí