Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)

Suíomh:
Barr Duínse, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Riórdáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 217

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 217

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bárdínse
  2. XML Leathanach 217
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'imthig an bheirt ba shine de's na buachaillí ag lorg a bhfortúin mar cheapadar go dtabharfhadh an t-athair an fheirm don gharsún do bh'óige.
    Bhí Nóra ana ghlic dar léi féin gus chuaidh sí i gcómhairle le h-Amhlaoibh. 'Sí an chómhairle cheapadar ná an fheirm do thabhairt do'n inghin ba shine mar cheapadar go dtabharfadh an cliamhain isteach spré mhaith dhóibh.
    Dheineadar cleamhnas le fear de muinntir Sheitheacháin a bhí 'na chómhnuidhe theas i mBéal Átha'n Ghaorthaig agus do pósadh iad. Igcionn tamaill d'éirig teailí éigin idir an chliamhain agus máthair a chéile. Bhí margaí scríobhtha eatortha mar a réidhteóchaidís le na chéile go gcaithfheadh Amhlaoibh Óg agus a bhean páircín beag agus bothán a bhí sa bhfeirm d'fághail agus (agus) fuighleach móna agus easrach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Luasa
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó hÉalaighthe
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    An Inse Mhór, Co. Chorcaí