Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 218
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní (tar) thabharfadh an cliamhain móin ná casair dóibh agus b'éigin dóibh dul síos go MaghChromtha ag triall ar an aturnac a sgríobh na margaí. Do ghlaodhaidís an Cúl Bán mar leas ainm air. Bean ana shúgach do b'eadh Nóra ná deineadh an saoghal puinn trioblóide di. Bhí iarracht filíochta aice agus thosnuig sí agus dhein sí cúpla bhéarsa mar seo:-Tá móin agus casair i millach an fhíora,
Céad glóire le h-Íosa do chuir iad ag fás,
Amhlaoibh na n-easnamh sa mhargaí scríobhtha,
'Snach breallach a bhíodar ag Tadhg an Chúil Bháin.Nuair a thosnuigheadar in aon chor bhíodh púic ortha gach lá chun a chéile agus fonn chun bruighne agus is beag an aonchor a chuirfeadh an acrann ina chéile iad. Bhí cearca ag Nóra agus lá 'mháin chuaidh sí chun faoistine agus d'fhág sí an garsún ag feighilt na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Luasa
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó hÉalaighthe
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí