Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buachaill ann fadó agus bhí a mháthair an-bhuaidheartha 'na thaobh. Lá amháin do chuaidh sé go dtí fear eolais cun comhairle d'fhágail 'na thaobh. Dúbhairt sé léi nác raibh an buachaill oireamhnach do aon céard agus chómhairlig sé di dul go dtí an roilig agus fhiafruig des na daoine marbh cad é an ceard a oirfheadh do. Nuair a tháinig sí abhaile d'innis sí a sgéal don mic agus súid fá dhéin an roilig í.
Níor leig seisean aon rud air ach chuaidh se fé dhéin an roilig é sin leis agus bhí sé ann roimh an máthair. Chuaidh sé i bfolac ins an sean-teampuill go dtí gur tháinig sí. Nuair a tháinig sí do bhéic sí amac - "Cad é an ceard a a oirfhead do'm mhac" agus d'fhreagair sé sin "Gaduidheacht. Is é cúis adein sé é sin ná go mba mhaith leis beith in a gaduidhe
Ins an aimsir sin do chaithfeadh duine bheith ag foghluim sé blíana sar a ndéanfaí gaduidhe de. Mar sin chuaidh an buachaill go dtí sean-gaduidhe chun bheith ag foghluim úaidh. Dubhairt an gaduidhe sin leis go raibh gaduidhe eile cómhgarac don áit sin agus go raibh caoire aige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ua Donncadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Chaoin, Co. Chiarraí