Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó, agus chuaidh sé go dtí an tobar lá i gcóir boicéad uisge, agus nuair a thóg sé amach an boicéad uisce, bhí iasg istig ann agus dubhairt an t-iasc leis, "Ná mairbh mé, ná mhairbh me. Iarr aon rud is maith leat orm, ach ná iarr iniomad agus gheóbhair é."
    Annsan dubhairt an fear go gcaithfeadh sé dul abhaile ar dtúis chun iarraidh ar a mhnaoí cad d'iarrfhadh sé. Dubhairt a bhean leis ná raibh acu ach tigh beag agus go raibh an fearthainn ag dul isteach tríd, agus dul go dtí an iasc agus é sin a rádh leis agus iarraidh air tigh nua a bheadh mór a thabhairt dóibh. Chuaidh an fear go dtí an iasc agus dubhairt sé é sin leis. Annsan dubhairt an t-iasc leis an bhfear dul abhaile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0555: The Fisher and his Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Conaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na Tiobratan, Co. Chorcaí