School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 066](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0331%2FCBES_0331_066.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 066
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus do thug sé buideal di", d'ól sí e agus igcionn tamaill bhí sí ana bheag.
Do cuaidh sí amach airís agus cuaidh sí isteach i gcoill mór agus do cuaidh sí in-áirde air fás an-aon-oidhche, agus do bhí sí ag feachaint na thímpeall agus do connaich sí an coinín bán airis.
Do thóg an coinnín í leis agus do cuadar isteach i dtig agus bhí alán coinníní istig ann agus do thugadar saghas éígin bídh di a dhein coinnín di, agus ní fheadfhadh sí dul abhaile a thuillle.
Lá amháin do thosnuig sí ag gol agus d'iarr an coinnín di "cad na thaobh go raibh sí ag gol," agus dubhairt sí "gur mhaith léi dul abhaile go dtí a h-athair 's a mháthair anois,' agus do thug an coinín saghas éigin bídh di, agus d'athruighead í na cailín airís ansan do thóg an coinín amach tríd an bpoll airís agus do chuir sé air a shlíghe abhaile í. Nuair a cuaidh sí go dtí an dorus, do tháinig iongnadh ar an máthair agus do dhún sí an(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhonnabhaín
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Informant
- Pádruig Ó Ceilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 32
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí