Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0383
- XML “An Gadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gaduidhe ann fadó agus bhí mac aige agus do tháinig buachaill eile chuige ag foghluim an céird uaidh agus dubhairt an seana gaduidhe leis dul agus an caoire do goid ó na mhac féin.
'Sé an seift a fuair sé ná peidhre bróg d'fhághail agus ceann acha do caitheamh ar an gcasán agus an ceann eile do caitheamh tamall amach ón céad ceann
S'imthig sé leis ansan agus do tháinig mac an seana gaduidhe agus an caoire ar a dhrom aige agus connaic sé an bróg.
D'imthig sé leis agus connaic sé an tarna bróg. Do cheangal sé an caoire do crann.
D'imthig sé leis go dtí an áit go bhfeaca sé an céad bróg agus dubhairt sé leis féin is maith a oiriúnóchadh an peidhre bróg san uaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Dhuinnín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 9
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ua Críodáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí