Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0448

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0448

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0448
  3. XML “An Fathach agus an Buachaill Gioblach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachaill ann fadó agus ní raibh puinn airgid ag a athair ná ag a máthair ná aige féin agus dubhairt a athair leis go caithead sé dul amach ag tuille págh agus isé an rud a bhí aige 'ghá dhéanamh ná ag comáint ba agus 'ghá coimeád istig in aon páirc amháin.
    Bhí fathach na aice agus do bhí an buachaill na codhlad agus chuaidh na ba isteach sa coill agus ba leis an fathach an coill. agus tháinig sé chun an buachaill agus dubhairt sé an céad uair eile a thagaidh na ba isteach sa coill go marbhóchadh sé é.
    Tá go maith arsan buachailll. Bhí cailín breágh sa tig no raibh an buachaill ag fanamhaint agus bhí féasta chun bheith aca agus bhí an buachaill ana gioblach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge