Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0456](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0332%2FCBES_0332_0456.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0456
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0456
- XML “Eoghan Rua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Maidin áirighthe do chuaidh Eoghain Ruadh isteach i dtig i na raibh cuigeann 'ghá dhéanamh. D'iarr sé deoch ar bean an tíghe agus thug sí baisín géur do. D'fheuch sé air agus thuigh sé go maith cad a bhí aige ach mar sin féin d'ól sé é.
Do gaibh sé buidheachas do bean an tíghe agus d'iarr sé uirthi go béasach peann agus dubh agus páipéir a thabhairt do. Nuair a fuair sé an peann agus an dubh agus an páipéir shuidh sé ar ceann an búird agus scríobh sé ticéad.
D'éirig sé na sheasamh agus dhein sé fé dhéin an dorus chun imteacht. Do stad sé ag an dorus agus d'iompuig sé siar an na mnáibh ag tabhairt aighneas dóibh. D'fhan sé mar sin go bfuair sé faill ar an dteicéidín agus do chuir sé an bóthar dhe. Is geárr a bhí sé imthighthe chuir bean sraoth aisti.(leanann ar an chéad leathanach eile)