Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0462
- XML “An Fear Feasa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean na cómhnudhe thoir ansan i Muine Fliuch fadó tímpal céad agus caogadh bliain ó soin nó nios mó b'fhéidir agus do bhí sí ana bocht.
Bhí sí na comhnuidhe i tigín beag cinn tuige. Lá amháin do tháinig fear beag isteach an dorus cúcha d'iarr sé deoch uisge uirthe agus lá ana fhuar do b'eadh é.
Do tug sí an deoch do ansan agus nuair a bhí sé ólta aige dubhairt sí leis suidhe cois na teine agus cun é féin do tóigeadh théith.
Do shuidh sí ann cómh maith agus i gcionn tamall do thosnuig an beirt acu ar sheanacuideacht le na céile agus ag cainnt le na chéile agus ar a saogal go léir. agus ar na rudaí d'imthig ortha i gcaiteamh a saoghal go léír do bhí saogal cruaidh ag an mbeirt acu ar aon cuma.(leanann ar an chéad leathanach eile)