Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0511

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 0511

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0511
  3. XML “Fear an Gheata”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí bodairc de dhuin - uasal mhór shaidhbhir ann fadó agus do bhí fear geata aige agus ní leigfí aoinne isteach sa chlós chun go n-oscalóchadh fear a' geata an geata dhóibh.
    Do bhí an duin - uasal ana cheanamhail ar fir bean fhir a' gheata mar do bhí sí ana phléisiúra agus do bhí sí níos bhreághtha ná a bhean féin. Dubhairt an duine - uasal le fear a' geata lá go gcaithfeadh sé litir a thabhairt ag triall ar a dhriothár agus do bhí séala sa leitir chun é a chimeád dúnta.
    Dubhairt sé leis gan teacht abhaile in-aon-chor anocht "mar ní b'eadh sé d'am agat agus cuirfhead-sa duine d'es na seirbhísig chun codhladhta in-aoin-fheacht le'd mhnaoí."
    Do bhí an driothár abhfad ó bhaile agus dubhairt fear a' geata go raghadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Thuama
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Máire Bn. Uí Thuama
    Inscne
    Baineann
    Aois
    95
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí