Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0511
- XML “Fear an Gheata”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bodairc de dhuin - uasal mhór shaidhbhir ann fadó agus do bhí fear geata aige agus ní leigfí aoinne isteach sa chlós chun go n-oscalóchadh fear a' geata an geata dhóibh.
Do bhí an duin - uasal ana cheanamhail ar fir bean fhir a' gheata mar do bhí sí ana phléisiúra agus do bhí sí níos bhreághtha ná a bhean féin. Dubhairt an duine - uasal le fear a' geata lá go gcaithfeadh sé litir a thabhairt ag triall ar a dhriothár agus do bhí séala sa leitir chun é a chimeád dúnta.
Dubhairt sé leis gan teacht abhaile in-aon-chor anocht "mar ní b'eadh sé d'am agat agus cuirfhead-sa duine d'es na seirbhísig chun codhladhta in-aoin-fheacht le'd mhnaoí."
Do bhí an driothár abhfad ó bhaile agus dubhairt fear a' geata go raghadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máire Bn. Uí Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 95
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí