Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhíodh an breoiteacht ar a nglaodhtar an t-éagcruas, ana choitchianta fadó. Do bhíodh mná áirighthe ag dul tímpal ag tabhairt aire de's na daoine breoidhte agus dá bhfaghadh aoinne aca bás do dheineadh na mná san caoine ó's a chionn. Bhíodh saoghal maith aca mar ní dhéanfaidís aon rud eile ach ag gabháil tímpeall ó thig go tig agus uaireannta d'fhanfaidís ar feadh mí in aon tig amháin.
Pé sgéal é bhí bean darbh ainm dí Eibhlín Ní Murchadha 'na cómhnuidhe i gCiarraighe an t-am so adeirim agus do bhíodh sí ag dul timcheall ó thig go tig ag tabhairt aire de's na daoine agus ag déanamh caointe.
Oidhche amháin bhí sí ag dul ó thig I gCiarraighe 'na raibh duine breoite ann go dtí tig eile I gCluain Liath 'na raibh duine breoidhte ann. B'éigin dí dul(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bn. Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí