Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fé dheire do chasadh duine dá ghaólta uirthi agus d'fhiafhruig sé dí cá raibh sí ag dul. D'innis sí an sgéal go léir do.
Dubhairt sé léi a h-aprún a iompáil taobh istig amuich. D'iompuig sí a h-aprún agus níorbh' éigin dí é a leanamhaint a thuille agus do chuaidh sí abhaile. Chuaidh sí abhaile go Carraig an an Adhmuid.
Cúpla oidhche 'na dhiaidh san bhí mo shean-athair ag teacht abhaile ó bheith ag sgoruidheacht. Bhí sé timcheall a dó-dhéag a chlog. Do chonnaic sé bean 'na chiorra-giob in aice an chlaidhe.
D'aithin sé í mar isí Siobhán Ní Murchadha abhí ann. Dubhairt sé "an tusa san a Joe?" ach níor fhreagair sí é in-aon-chor. Dhruid sé anonn 'na h-aice ach d'imthigh sí as a radharch. Chuaidh sé abhaile. Cupla lá 'na dhiaidh san buaileadh breoite í agus do fuair sí bás.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bn. Seáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí