Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “An Bhean Bhocht agus A Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí bean bocht ann fadó agus do bhí aon mhac amháin aici. Aon lá amháin do chuaidh sí go dtí aonach éigin agus do bhí sí ana dhéanach nuair a bhí sí ag teacht abhaile. Nuair a bhí sí míle ó bhaile do rith coinín treasna an bhóthair agus do liúig sí agus do rith sí mar cheap sí gur púcaí a bhí ann.
    Níor stop sí de'n rith sar ar shrois sí an tig agus nuair a chuaidh sí abhaile do bhí sí ag crith le h-eagla.
    D'fhiafruig an mhac di chad a bhí uirthe agus d' innis an Máthair bocht an sgéal do léir do agus sgannradh uirthi.
    Nuair a airig an mach an sgeul dubhairt se go mbainfheadh sé féin preab aisti oidhche éigin eile ach níor innis sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Chéilleachair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68