Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “An Capall Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gcaithfhidís féin dul amach as an dtig ar fad.
    Dubhradar go leigfhidís isteach iad agus sgannradh ortha. Chuaidh an beirt isteach agus do bhí ana áthas ortha agus do mhaireadar chompórdach le na chéile ar feadh leath-bhliain.
    Aon lá amháin do bhí troid mór acu agus do bhuaileadar a chéile agus dubhairt an bhean a tháinig chun cómhnuighe sa tig ar dtúis go rabhadh sí amach agus[?] ná tiocfhadh sí isteach go deó ach ní raghadh[?] a fear amach in-aon-chor agus do chaitheadh[?] sí fanamhaint istig ansan.
    Do socaruigheadh an troid san agus[?] tar-éis cúpla seachtmhaine eile do bhí troid eile[?] ag an bheirt a tháinig isteach sa tig ar[?] dtúis. Do rith an bhean abhaile agus d'innis[?] sí dá h-athair cad a thuit amach agus dubhairt sé gan dul leis a thuille.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    null
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    null
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann