Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 046
  3. XML “Dómhnall Mór agus Seán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus d'innis sé a sgeal dóíbh.
    Chuadar amach ag chuardach go [?]dtí an áit na raibh an aonach i [?] Dhómhnall Mór. Thánadar abhaile an [?] sin ach ní bhfuaradar in-aon-chor é.
    Chuadar go dtí an bhean agus d'ínnseadar an sgéal di agus do tháinig ana bhrón uirthe nuair a airig sí an sgéal agus do [?]dhein sí an bhéarsa seo:-
    Ó cad a dhéanfhaidh mé,
    Ó cad a dhéanfhaidh mé,
    Ó tá sé imthighthe uaim,
    The poor old curse.
    Do bhíodar ag cainnt ansan mar gheall ar an bhéarsa. Ní [?]bhfuairadar Dómhnall Mór in-aon-chor agus do bhí ana bhrón ortha na dhiaidh.
    Do bhí an bhean ag cuimhneamh ansan ar cá raibh Dómhnall Mór agus [?]tar éis cúpla lá nó trí do tháinig cuimhne cúichi go raibh sé taréis bháis agus go gcaithfheadh sí [?]buachaill aimsire d'fhágail.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Chéilleachair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68