Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach ó'n dtaobh istig de'n chlaide. Ansan do tháinig eagla níos measa orm agus do ritheas chómh mear is d'féadfainn agus a Mháthair sé sin an chúis go bfuilim ag cur alluis a mhic ó.
Ansan dubhairt an Máthair "ná rabhais ana fhada uaim" "do bhíos airiú arsan cailín mar ní fhéadfain teacht abhaile go dtí go mbeadh cead agam ó mo Mháigistir.
Ansan dubhairt an bhean "caithfidh tú teacht abhaile níos luath gach uair eile a dtiocfhaidh tú abhaile. Ansan d'fhiafhruig sí dhi a dtiocfhadh sí indeire gach mí agus dubhairt sí go dtiocfhadh. An lá na dhiaidh san d'imthig an cailín go dtí an feirmeóir airís agus dubhairt sí mar seo:-Slán agat a Mháthair,
Slán agat a Mháthair,
Is tiocfhadh airís ag triall ort,
Slán agat a Mháthair,(leanann ar an chéad leathanach eile)