Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an lá na dhiaidh san agus do chuaidh sé go dtí an ghleann airís.
Nuair a chuaidh sé isteach do bhí an seana-fhear istig agus na cártaí aige airí agus chuaidh sé ag imirt leis agus chuir sé púnt eile síos.
Do dhein sé an chleas ach ná dhein do dhein an seana - fhear cleas eile agus do bhuaidh an seana-fhear air. Ansan do thainig fearg ar an bfear agus dubhairt se ná h-imreóchad sé a thuille. Dubhairt an sean-fhear chuir síos púnt eile agus b'féidir go mbuadhfhaidh tú ach dubhairt an fear ná dhéanfhadh ach dubhairt an s eana-fhear go mbainfheadh sé an cheann de muna gcuirfheadh sé síos é. Dubhairt sé leis go gcaithfheadh sé a ainm d'ínnsint dho agus d'innis sé an ainm do agus tháinig sé saor.- Bailitheoir
- Brighid Ní Dhonnabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Chéilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 33