Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean ann uair agus do bhí sí ana aosta agus ní raibh sí ábaltha ar aon rud do dhéanamh mar do bhí sí chos tinn aice.
Aon lá amháin do bhí sí istig sa chistin agus ní raibh aoinne in-aon-feacht leí ach gadhairín beag agus an bheirt acu na shuidhe ar thaobh na teine. D'airig an seana-bhean fothram éigin ar an dtaobh amuich do'n doras agus do bhí eagla uirthe dul amach ach do chuaidh sí amach ar aon chuma.
Do thóg sí suas slat a bhíodh aice agus do chuaidh sí go dtí an doras. D'osgail sí é agus do bhí cailín áluinn amuich agus do bhí gúna bán uirthe.
Tháinig eagla ar an mhnaoí nuair a chonnaich sí an chailín agus do thosnuig sí ag gol.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- T. Ó Chéilleachair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí