Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0591](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0334%2FCBES_0334_0591.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0591
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tháinig eagla uirthe mar do cheap sí gur púcaí nó ruid éigin a bhí ann. Do chuaidh sí a chodhladh agus d'fhan an fothram ag an ndorus agus ní osgaleóchadh sí in apn-chor é.
Do cheap sí ansan ná raibh aon bhaoghal uirthe go dtiocfhadh aoinne isteach chúice. Lár na h-oidhche do tháinig duine éigin isteach sa cistin agus dubhairt an bhean bhocht leí fhéin ná eireóchadh sí in-aon-cor chuige.
Sa deire do bhí sí cortha ó bheith ag éisteacht agus ní raibh sé ag déanamh ain fhothraim in-aon-chor agus do thuit sí na codladh.
Nuair a tháinig an mhaidean d'eirig a bhean go luath mar cheap sí go raibh an fear a thainig isteach i lár na h-oidhche imthighthe amach airís. Nuair a tháinig sí isteach sa chistin do connaic sí an fear dubh agus é sínte ar an úrlár. D'fhiafhruig an bhean bhocht de'n bfear dubh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85