Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0594](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0334%2FCBES_0334_0594.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 0594
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dubhairt sí leis gur bréaga a bhí aige á ínnsint do.
Do chuaidh sé a chodhlad an oidhche sin agus nuair a eirig sé ar maidin dubhairt an chailín leis gur bréaga a innis an fear do aréir agus dubhairt sí leis dul go dtí an tig chéadhna airís an oidhche seo.
Nuair a tháinig an oidhche do chuaidh sé ag sgorruidheacht airís agus nuair a bhí sé ag dul amach an doras dubhairt an chailín leis dul go dtí an tig ar aon-chuma féachaint a raibh sí ag fagháil báis.
D'imthig sé leis féin agus nuair a tháinig sé go dtí an áit ina bhuail an fear leis an oidhche roimis sin do casadh an fear chéadhna air an oidhche sin.
Dubhairt an fear leis gan dul ag sgoruidheacht in-aon-cor mar go raibh fear a díghe tar-éis bháis. Dubhairt an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85