Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dúbhairt an fear leí gan a tuille de'n breach bainne d'ól aon oidhche nú aon mhaidin ach cómh beag agus ní dúbhairt sé a thuile. Ansan cómh tapaid leis an splannc do rith sé amach an dorus ach má rith féin do rith sise amach i n-a dhiaidh ach ní raibh aon mhaith dhi ann mar ní fheadhfhadh sí aon radharch d'fághail ar an bhfear agus ní raibh a fhios aige cá raibh sé imthighthe agus cadh a dheanfhadh sí.
Ansan d'fhan sí mar a raibh aice go ceann agus bhí sí ag feuchaint i n-a thímpeall feachaint an bhfeicheadh sí an fear ach ní fheaca.
Do lúig sí ansan agus do ghlaoidh sí air ach ní raibh aon mhaith dhi ann mar níor tughadh aon fhreagra uirthe agus bhí ionghnadh uirthe agus do cheap sí gurb' amhlaidh a shloigheadh an talamh é nuair a chuaidh sé amach.
Dubhairt sí ansan go raibh sé imthighthe mar diaghbhal nú rud éigin níos measa ná é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Íarfhlaithe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Díarmuid Ó Luasaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheapach Thoir, Co. Chorcaí